Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 045
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Maidean Luain cois Ínne thuaidh dhom ¶ Ar m'eirghe amach go dian mhoch”
Maidean Luain cois Ínne thuaidh dhom
Ar m’éirghe amach go dian – moch
Is mé ag feuchaint uaim os na sléibhte fhuara
Is gurbh fada liom uaim tig Daod bhocht
Do chuireas orm mo bhróga go leisgeamhail brónach
Is bhí an tuille tar na abhainn rómham sgéithte
Ó glór na n-abhann tháinig tinneas im’ cheann
Is b’feadair cá rabhas in aon chor
II
Bhí Willie ar a’gclaidhe is do ghlaoidh uaidh síos orm
Is é dubhairt sé “Ní fheudfair é chur díot in aon chor”
B’fhearr dhuit teacht aníos tá an t-asal i gceann a’ tighe
Is bheurfaidh sé anonn saor thú
Do ritheas aníos is d’éirigh orm mo chroidhe
Is is árd an claidhe ná leímfinn
Iarraim ar Íosa ar Mhuire is ar Bhríghde
Ná leogfaidh sibh choidhche ar strae mé
III
Is fada an tímcheall ní gádh dhom innsint
Chun droichead na Cillíneach Léithe
‘Sí an leath-choróinn tuíllthe ar theacht na h-oidhche
‘S ná feadar a bhfaighinn choidhche aon ráol de
Bhí an Daodach thuas rómham ‘na theirrit uaigneach
Is an braon anuas á chaochadh
Mar a bheadh mada ruadh istig i bpluais
Is é ‘n-a shuidhe ar fhuarma á théitheadh féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Óg Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí