School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 029
- XML “Míchéal a' Corrain”
- XML “Dómhnall Láidir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Duine de mhuinntir Ghlais a bheadh Míchéal. Chómhnuig sé i gCathair Sabhaín. Bhí sé adhbhair símhplídhe ann féin. Chaitheadh sé lán ama ag casadh corrain coise istig i lár n h-abhann agus é a’ rádh san am cheudna “ Fidiliom , oidiliom Síghle Uí n-Eoghainn”
Bhi muca acu agus bhiodh siád i gcómnuidhe ag teacht chun a’ tighe. Bhíodh muinntear a’ tíghe ag cur cúiteamh le Mícheál agus áiteamh air na muca do chuir ó’n dtig. Sa deireadh bhris ar a bhfoighne air. Thóg sé na muca leis agus níor stad gur bhain sé amach Eisg na Mactaíre mar a bhfuil faill árd contabhairreach. Caith sé na muca leis an bhfaill agus nuair a bhiódhar ag tuitim uaidh dubhairt sé go raibh gach aon “Oithín is Oithin, Ó dhraibhín go draibín” acu- Collector
- Dómhnall Ó Conaill
- Gender
- Male
- Bhí fear sa Ghleann Mhór fadó dar b’ainm dó Dómhnall Láidir. Ní raibh fhios aige cia-cu creideamh a bhí fíor-ceart lá amháin bhí pailitíneach á cur aca. Sa teampall gallda dóibh bhí an mhinistir i láthair agus bhí mo Dhómhnall Láidir ag éisteach leis go curamach. Nuair a bhí deire ráidhte aige dubhairt Dómhnaill(continues on next page)