School: Gort Buidhe (roll number 14509)
- Location:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Teacher: Gilbert Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort Buidhe
- XML Page 115
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá cuigeann sa bhaile againn. De giúis atá sí déanta. Do dhéin Muiris Ó Foghladha fad ó í. Tá Muiris fé an bhfód le fada (Beannacht Dé le na ainm) acht bíónn an chuigeann in úsáid againn sa bhaile gach seachtmhain.Na mná a deineann an chuigeann de gnáth. Caitheann síad tamall maith gá suadhadh san geimhreadh acht ní bhíonn siad comh fada in an samhradh. Má thagann stróínseár nó comharsan isteach an fhaid a bhíonn an chuigeann ar siubhal, is ceart dó greas a bhualadh ar an gcuigeann. Ní ceart spré theine do thóaint ar iasacht an fhaid a bhíónn an chuigeann ar siubhal.
Deirtear go dtéígheann an t-im as an gcuigeann má siubhlann duine amach as an tig gan greas a bhualadh ar an gcuigeann, (-) Téigheann an t-im as an gcuigeann leis má thóann duine spré theine amach as an tig an fhaid a bhíonn an cuigeann ar siubhal (Nuair a bhíonn fir ag cur prátaí nó ag bainnt prátaí sa pháirc bíonn spré theine inaice an chlaidhe aca cun a bpíopaí do lasadh. Spárálann síad na lasáin).Cuirtear an t-uachtar aibidh ins an(continues on next page)- Informant
- Siobhán Bean Mhic Gearailt
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Lios an Phúca, Co. Chiarraí