Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anois. Nuair a tháinighís annso bféidir nár thuigis go rabhais ag teacht go dthí tig an t-sagairt. A bhioránaig tá tú id sheasamh ar bruaich ifriann gan fhios duit féin agus má deanfá iaract do choiméad amac ós na piantaib síorruidhe. Fiafruig díót féin "An bfuilis (?) ullamh do shlánnuigtheór d'freagairt" Deirimse nách bfuilir agus bí cúramach "Cogar a sheirbhísig Dé, an ndeirir liom go bfuilinn tu (?) sheasam ar bhruaich ifriann fé láthair
"Táir a bhreastaidhe" ars an sagart go feargach "bel, buachaill siúbhalódac is eadh (?), tá's agat agus ní thiocfainn anso gan cúis, Níl (?) aon tig cómhnuidhthe agam ach tá ceann compórdach agat. Bail ó Dhia ort. Tá fhios agam 'nois cé fé ndear álnuicht (?) do thig-se agus léidhte an t-saogail atá agat. An diabhal fé ndear iad go léir. Nách cómhgarac do h-áít chómhnuite gur chuiris fút ach ós é do chara ionmhuidhe(?) é agus é atá ag tabhairt an saol breágh compórdach duit ní gábhadh duit beit ag cnámhsáil toisg daoine aírigte bheith caradach leis. Sin rún (?) a scaoileadh indiu mar is beag d'éinne go bhfuil fhios acu go bfuilir féin agus an diabhal chómh mór le na chéíle, agus nuair a thángas annso ar maidine níor cheapas go rabhas chómh comhgarach leis an sean-bhuacaill agus tá brón orm teacht eadraibh.- Bailitheoir
- Sighle Aherne
- Inscne
- Baineann