School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 012
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal Bhí bean i gCoill-Coidhtheach uair amháin agus do bhí sí ag fághail bháis. Do chualadh a col-ceathar go raibh sí ana-olc(h), agus d’imthigh sí go dtí an tig cun an oidhche do chaitheamh léi. Bhí sé tímcheall a dódéug a chlog nuair d’imthigh sí. Bhí d’fhiachaibh uirthi dul treasna abhainn cun dul go dtí an tig, agus nuair a bhí sí i lár na h-abhainn do chualadh sí na daoine go léir ag gol, do stád sí, agus do thosnuig sí ag gol in-aoinfheacht leó, mar ceap sí go raibh an bean marbh, agus gurbh’ iad a chlainn a bhí ag gol ‘na dhiaidh.
Nuair a shrois an bean an tig ní raibh an bean breoidhte marbh in-aon-chor, ná ní raibh aoinne ag gol.
Annsan bhí fhios aici nárbh’ iad aon duine beo a bhí ag gol. Tháinig iongnadh a croidhe uirthi. D’innis sí an sgéul do gach aoinne. Ní fuair an bean bás in-aon-chor an oidhche sin, do mhair sí ar feadh cúpla oidhche. Do thuit an rud sin amach i gCoill-Coidhtheach timcheall le céud bliadhain ó shin.Caitlín Ní Coisdealbha do sgríobh
Caitlín Bean Uí Coisdealbha (50) d’aithris
Coill-Coidhtheach,
Gleannbeithe,
Co. Ciarraidhe.- Collector
- Caitlín Ní Coisdhealbha
- Gender
- Female
- Informant
- Caitlín Bean Uí Choisdealbha
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Cill Choimhtheach, Co. Chiarraí