School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 073
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalOidhche amháin cuaidh beirt fhear amach ag goid. Ghoideadar mála úbhla agus chuadar isteach sa roilig cun iad do roinnt. Le linn dóibh bheith ag dul isteach, do thuit úbhall as an mhála agus dúbhradar go bhfaighidís an t-úbhall sin ag teacht amach. Do thosnuigheadar ag roinnt na n-úbhall istig sa roilig agus seo mar a deireadar é. “Is liom-sa é seo.” “Is leat-sa é seo.” “Is liom-sa é seo,” agus do leanadar mar sin ar feadh i bhfad. Do bhí fear ag gabháil thar brághaid, agus do chualadar sé iad agus cheap sé gur Dia agus an Diabhal a bhí ag roinnt anamnacha na marbh.
Do bhí go maith is ní raibh go h-olc go dtí go raibh na h-úbhla roinnte achu, do chuir fear acu glam as “agus cad mar gheall ar an ceann ag an ngeata.” Do cheap an fear gur é féin a bhí in gceist agus do rith sé abhaile chómh mear i nÉirinn is bhí sé na gcosaibh aige, agus bhaineadh geit chómh-mór as nár fheachaidh(continues on next page)- Collector
- Pádraig de Búrca
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheall Ua Siocfradha
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Stad an tSléibhe, Co. Chiarraí