School: Leitir (roll number 15668)
- Location:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Teacher: Tomás Mac Eóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir
- XML Page 102
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-SgéulDo bhí bean ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Bhíodh an bhuachaill amuigh go h-an dheanach san oidhche, agus bhíodh an mháthair istig na aonar. Do chuaidh sí chun cainnte leis an sagart agus dubhairt sí leis an áit a bhíodh sé gach oidhche.
An oidhche na dhiaidh sin, do chuaidh an sagart amach tímcheall meadhon oidhche, agus do bhuail an bhuachaill leis. Dúbhairt an sagart leis dul agus a hata d’fhág sé sa roilig a bhreith leis. Do chuaidh an buachaill go dtí an roilig, agus má chuaidh do chuaidh an sagart ann leis treasna na páirceanna. Nuair a bhí an buachaill ag tógaint an hata dúbhairt an sagart “Fág an hata annsan, fág a hata annsan.” Do chuir sin scannradh ar an buachaill agus rith sé cómh tapaidh agus is féidir leis. Do bhuail an sagart leis, agus d’innis sé mar gheall ar an hata de’n sagart. Chuaidh sé abhaile agus níor chuaidh sé amach aon oidhche ‘na dhiaidh sin. Eibhlín Ní Scothlaoich do sgríobh
Eibhlín Bean Uí Scothlaoich d’aithris.
Leitir,
Gleannbeithe.- Collector
- Eibhlín Ní Scothlaoich
- Gender
- Female
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Scothlaoich
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí