Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí long píaráití darb ainm an Hercules. Bhuail sí ar faill cloiche atá leis an bhfairrge ar an Rinn Ruadh thiar sa Priárac agus nuair a bhuaileadh ar dtúis í ar an gcarraig cuaidh sí tamall in dhiaidh a cul agus bhuail sí arís agus dúbharthas gur chualaidh na daoine a bhí ar an bport ór ag silleadh síos tríotha fé mar a bheadh grean ag tuitim as trucaill. Bhí fuireann ar bórd uirthe agus báthadh íad go léir.
Thóg gárdaí an cósta suas í agus thugadar díbheartha ó Shasana leo agus solatharuigheadar cuid mhaith de'n ór dó'n riaghaltas ach má seadh bhí cuid de na daoine a chuaidh fé' uisge nuair a bhí an oidhche ann agus a fuair cuid maith de'n ór. Bhí a lán dhaoine go raibh mórán saidhbhris aca in diaidh an Hercules. Bhí beirt ban in áit éigin sa Priárac ag tómhas óir le muga le na chéile agus tá sé ráidhte nach fada na bliadhanta go dtí go raibh an muintir a fuair an t-ór chómh bocht agus bhíodar riamh. Bhí smut(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Sheaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí