Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 108
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhthe AlltaBhí fear ‘na cómhnuidhe i gCathair Dómhnaill uair agus bhí tig beag aige ag bun cnoic. Aon oidhche amháin bhí trí uain istigh sa tigh aige agus bhí poll mór sa doras. Tháinig madra ruadh go dtí an doras agus do cuaidh sé isteach tríd an poll cun na h-uain do marbhú.
Nuair do connaic an fear an madra ruadh do rith sé cun bhreith air ach do rith an madra ruadh suas go dtí an teine. Do connaic sé peidhre bróga in aice na teine agus caith sé isteach sa teine iad le na bhéal. Do rith an fear suas cun na bróga do togaint amach as an dteine. An fhaid a bhí an fear ag an dteine do rith an madra ruadh amach an doras.Seán Ó h-Aodha,
Dúbhrath,
Maistir-gaoithe,
Cill-ÁirneFuaireas é seo ó.
Eiblís Ní h-Aodha,
Dúbhrath.- Bailitheoir
- Seán Ó hAodha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dúire, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlís Ní hAodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dúire, Co. Chiarraí