Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 070
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fhocail Fadó bhí mórán sean-fhocal ag na daoine ach níl mórán aca anois. Seo cuid díobh a fuaireas ó sean-duine. Dá bhfeicfeadh aoinne duine eile ag deanamh rud éiginn nár dhein sé ríamh cheana dearfadh sé “Ó ba anamh leis an cat srathar a bheith air” nó “an rud is anamh is iongantach.” “Is olc an gaoth ná séideann go maith do dhuine éigin.” Deirtear é sin nuair a thuiteann aon rud amach agus go ndeineann sé díoghbháil do mórán daoine agus go ndeineann sé maitheas do dhuine eile. “Itheann muca ciuin a gcuid.” Deirtear é sin nuair a chítear duine ciuin ag eirghe go maith nó níos fearr sa tsaoghal na an duine go mbíonn mórán cainte aige.
Nuair a ceapann duine gur rud ana iongantach an rud a bhíonn ag duine eile agus ná bíonn sé aige féin deirtear leis, “Is mór toimhseach íad adharca na bó tar lear.” “Is dána gach madra in a eatrain (otrainn) féin.” Úsáidtear an sean-focal nuair a chítear duine aerach ag eirghe ciuin nuair a théigheann sé go h-áit eile ó na ceanntar féin. “Is fearr Aifreann rómhat ná dhá Aifreann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris O Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí