Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 058
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí fear i na chómhnaidhe i Meall na Breac fadó agus Paddy Beannuighthe a tugtí air. Chaitheadh sé a cuid aimsire ag fiadhac agus ag marbhúghadh madraí uisge. Uair amháin bheir sé ar madra uisge agus nuair a bhí sé a' fhúasgailt as an trap bheir an madra uisge ar a lámh agus gearr sé go h-olc é. Bhí gach aon leigheas tríallta aige agus ní raibh sé ag dul i bhfeabhas. Annsan dúbhairt duine éigin leis go gcaithfheadh sé madra uisge eile do marbhúghadh agus an aedh d'ite agus go leigeasfadh sé é. Dhein sé amhlaidh agus deirtear gur dhein sé é leigheas.
Deirtear go bhfuil leigheas a dteanga an madra ruaidh leis. Bhí bhean in a cómnaidhe i gCillín - Liath tamall o shoin. Lá amháin chuaidh dealg draighean in a cois. Dubhrad leí teanga an madra ruaid do cur leis agus do dtógfhadh sé amach an dealg. Dein sí é sin agus tháinig an dealg amach.
Tá sé ráidhthe go bhfuil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí