Scoil: Máistir Gaoithe (uimhir rolla 4463)
- Suíomh:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Siochfhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Máistir Gaoithe
- XML Leathanach 061
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lios i n-Octaibh i bParróiste na Dromada agus tá áit i n-aice leis ar a dtugtaí an Chathair Bhán. Ní aon nídh ann ac ceithre fallaí deánta de clocha agus na sean-daoine gurbh iad na púcaí a dhein é oidhche amháin.
Timcheall triochadh bliadhain ó shoin bhí buachaill ag gabháil thar an áit in n-am mairbh na h-oidhche agus cuireadh mearbhall air agus níor brath sé aon nídh go dtí go raibh sé lasmuich dá dhorus féin. Chonnaic na daoine bean ag teact amac as an lios maidin samraidh agus tháinig sí isteach i dtig a bhí sa cómharsanacht agus d'iarr sí corcán ar iasact ar feadh tamaill de'n lá. Thug bhean an tíghe an corcán di, agus d'imthig sí fé na leasa agus nó feacadar a thuille í. Nuair a tháinig an tráthnóna tháinig sí leis an corcán agus é cómh geal le sgilling agus smut d'feóil úr istig ann. Tá an talamh ar an dtaobh amaic de'n lios i bhfuirm clós agus tá sé raidhthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inse na Toinne, Co. Chiarraí