Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)

Suíomh:
An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán S. Ó Cuimín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 217

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 217

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cnoicíní
  2. XML Leathanach 217
  3. XML “Scéal - An Bheirt Phósta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal An Bheirt Phósta
    Suim mhór bhlianta ó shoin, do bhí beirt óg i bpáirt éigin laisteas i n-Uibh Ráthach agus iad óg go leor do thugadar gradam dá chéile, agus níor scar an gradam san leo nó go rabhadar i n-aois a bpósta go maith.
    Do pósadar ins an deire agus ní saidhbhir do bhíodar ach lom bocht gan mór-shúil le na mhalairt aca. Fear breágh acfuinneach láidir do b'eadh é, agus do b'ait leis a bheith ag broic leis an ndealbhas do shíor, agus do chuir sé i gcomhairle na mná an ní do bhí ar a aigne, 'sé sin, tabhairt fé an dTalamh Úr agus seacht mbliana dá shaoghal do chaitheamh ann, agus dá rithfeadh leis an fhaid sin, gur chóir go mbeadh dioscán bailighthe aige do dhéanfadh ar feadh tamaill iad.
    Cé gur chráidhte an scéal leis an mnaoi sar a chlos, le bárr na deighmhéine, do thoilig sí leis, mar níor theastuigh uaithi gruaim do chur air, cé gur shásta leí a bheith beo bocht.
    Níor mhór an t-airgead ba ghádh dhó ins an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Siochfradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Eochair Mong, Co. Chiarraí