Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán S. Ó Cuimín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áiteanna 'na mbíodh na h-aontaí in Uibh Ráthach.San am fadó ní bhíodh aon phairceanna aonaigh ins na cathracha ach ar thaobh na mboithre agus i bpairc (an) éigin. Do bhíodh ceann i gcomhnuidhe inaice le sgoil Achad Tiobraid úair gach mí. Dá mbeadh ba nó beithídhig le díiol ag feirmeóir do théigheadh sé go dtí an aonach agus tabharfhadh sé raol nó mar sin do Pádraig Ó Clúbháin an fear gur leis an pháirc. Ní bhíodh iomad ainmhidhthe ag na h-aontaí fadó is a bhíonn anois. Do bhíodh a lán ceannuightheóirí ag na h--aontaí fadó agus do bhídís ag greabhadh na n-ainmhidhthe ó na. Dá mbeadh bó le díol ag duine do thabharfhadh duine eile an uimhir caoirach gur b'fiú an bó agus tabharfhad sé sgilling nó mar sin mar "bonn dúthrachta." Do bhíodh lúach ní b'fhearr le fághail ar na h-ainmhidhthe fadó ná mar atá anois.
Dá mbeadh seafaide bhreágh, reamhar, ag duine geobhadh sé seacht nó ocht uirthe. Do bhíodh cuid de mhuinntir na dtighthe tabhairne ag díol uisge beatha, agus leanna ar an bpairch sin agus is minich a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Ghriobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir, Co. Chiarraí