Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán S. Ó Cuimín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cnoicíní
- XML Leathanach 245
- XML “Pósaithe Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Pósaidhthe fadóIs í seasúr an Earraig is mó a phósann daoine san áit seo. Seo iad na laeitheannta ar a phósann daoine, Dé Máirt, agus Dé Satharn. Aon duine a bhíonn ag deanamh cleamhnais roimh na h-Ínide, agus ná h-éirigheann leis, téigheann sé go dtí Scéilg Mhichíl. Déantar cleamhnaisí in cheanntar so. Túgann an t-áthair a chuid stoic, agus a fheirm go dtí an mac ba shine, agus tugann sé a cuid airgeadh do na h-inghineacha, mar a glaodhtar an spré. Bhíodh cóisire mór acha fadó, agus ní bhíodh aon gluaisteán acha, ach capaill agus trucaillí clíathánacha. I dtíghthibh na bhfear a bhíodh na cóisirí fadó. Nuair a bhíonn fear cun pósadh, bíonn culaith eadhraig nua air, agus bíonn chulaith éadhaig nua ag an mnaoí leis.
Uaireannta bíonn feirm ag an gcailín, agus nuair a póstaí í thagadh an fear go dtí tig an chailín, agus tugadh clían-isteach ar an bhfear sin. Ní mhaith le h-aoinne pósadh ar Dé Luain, agus ar Dé h-Aoine. Thagadh muinntír an chailín go dtí tig an fhir, agus, scrúduigeann siad an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí