Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán S. Ó Cuimín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Feirmeóir agus an buachaill AimsireBhí feirmeóir ann uair agus bhí buachaill aimsire aige darb ainm do Diarmuid. Ní raibh rath ná treó ar Diarmuid is ba chuma leis cionnus a dheineadh sé an obair do’n fheirmeóir, ach é dhéanamh slíghe éigin dó. Bhíodh sé amach ag bóithreóireacht na h-aon oidhche go dtí a dó uair déag. Is annsan nuair a raghadh sé isteach chaitheadh sé an oidche leathta ar a dteine is ní cuirfeadh an saoghal a codla é. Badh mheasa ná san fós é cur as an leabaidh ar maidin. Bhíodh an feirmeóir ag plé is a’ bruighean leis ag iarraidh comaoin éigin a chur air ach ba bheag an torradh a thugadh Diarmuid air ach scaoileadh leis is leogaint dó bheith a’ cainnt. Bhí a theanga geall leis taithte aige ó bheith a’ bearra air.
Seadh, nuair an bhí a bhliadhain istig ag Diarmuid is dócha go raibh athás a chroidhe ar an bhfeirmeóir.go is ndubhairt sé leis féin go dtabharfaidh sé bata is bóthar dó. Nuair a bhí sé a’ thabhairt a thuarastal dó annsan dubhairt Diarmuid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Port Mhic Aoidh, Co. Chiarraí