Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Cathair Saidhbhín sa tSeanaimsir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Díoladh na daoine a gcuid mbeithidheach i bpaírc an aonaigh, agus thiomaíneadh na ceannuightheóirí na beithidhigh rómpa an bóthar amach, mar ní raibh aon traen ag teacht go Cathair Saidhbhín an uair úd. Thiomaínidís na muca ar an slighe céadhna agus bíodh truacaillí raíleacha aca leis ar eagla go dteipfeadh ar aon muc an turus do chur isteach.
    Ní raibh aon éadac á ndíol ins na siopaí agus b'é an céad bhean a thosnuigh ar éadighe do dhíol ann ná Nóra na nGubal. Ní h-ámhlaidh a bhí aon siopa aice ach bíodh sí á ndíol ar aghaidh an tSéipéil amach. B'é an cainnt a bhíodh ar siubhal i gcaitheamh an lae aice ná, "tá mo chuid an tsaoghail ar aghaidh na ndaoine amach," b'é sin ná b'fhéidir go raibh cuid de' na daoine láimhseálach agus go sgiobfaidís rud éigin leó i ngan fhios di.
    Tá deich mbliadhna is dachadh ann ó chonnaic muinntir Chathair Saidhbhín an céad rothar. Lá aonaigh sa t-séasúr ab'eadh é, agus leath-dheireannach san lá, seadh a thiocfadh aniar an tsráid, acht ceathar cailíní, ag rotharuidheacht, agus éadach dubha ar ghach ceann aca. Lean an sráid iad, agus t'iompuigheadar síos chun an bhainnc íachtarach. Fé dheire tháinig focail Chuilm Chille go cuan na firinne - "beidh capaill gan cinn ag cur bóthair díobh fós."
    Tá dhá Mhárta déág is trí fichid caidhte ó bhí na Finníní i gCathair Saidhbhín. Bhíodar ann ar feadh tamaill mhaith. Bhí a n-áit cómhnuidhthe in aice na h-áite 'n-a bhfuil stáisiún na traenach anois. Tighthe dubha déanta d'adhmaid a bhí aca. Ba mhaith an phingin a bhí ar na h-uibhe an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. trádáil
          1. díol agus ceannach (~3,622)
    Teanga
    Gaeilge