Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 241
- XML “Bia”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)praiseach beirbhighthe. Ba dheacair é a bheirbhuighadh leis, mar min an gharbh ab 'eadh é. Gheibheadh muinntir Uíbh Ráthaigh a gcuid mine i muileann a bhí i gCarthan in aice le Cathair Saidhbhín.B'é an tslighe a dheintí an praiseach ná, sgilléid uisge do bheirbhiú, agus galún mine do chur isteach ann. Leigeadh di bheith ag beirbhiú annsan, agus tar-éis tamall chaithtí muga mine isteach ann agus leantaí de mar sin, go dtí go mbíodh sé in a phraiseach reamhar. D'ithtí annsan é le deoch bláthaighe. Maidir leis an leite bhagdáin, bhíodh sé go h-ana bhlasta, agus cad é an mhaitheas a bhí san mhísleacht do dhuine folláin. Do dhaoine bhreóídhte a bhiodh an leite seo ceapaighthe. In aimsir an droch-shaoghail gheibheadh na daoine tomhas áirighthe praisigh, gach maidin mar congnamh beathuighthe. Bhíodh an praiseach seo le fághail annso in Uíbh Ráthach ins na muilte seo leanas:-
Muileann Cháthan, míle soir ó Cathair Saidhbhín
An Muileann, i Lios, i bparóiste na Faille Móire
Máighistir Gaoithe, i bparóiste na Dromoda agus in
Átha Tiobraid inaice le Cathair Saidhbhín. Do tugadh málaí mine amach sa bhliain 1884 mar congnamh cothuighthe ar na daoine.