School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 241
  3. XML “Bia”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    praiseach beirbhighthe. Ba dheacair é a bheirbhuighadh leis, mar min an gharbh ab 'eadh é. Gheibheadh muinntir Uíbh Ráthaigh a gcuid mine i muileann a bhí i gCarthan in aice le Cathair Saidhbhín.
    B'é an tslighe a dheintí an praiseach ná, sgilléid uisge do bheirbhiú, agus galún mine do chur isteach ann. Leigeadh di bheith ag beirbhiú annsan, agus tar-éis tamall chaithtí muga mine isteach ann agus leantaí de mar sin, go dtí go mbíodh sé in a phraiseach reamhar. D'ithtí annsan é le deoch bláthaighe. Maidir leis an leite bhagdáin, bhíodh sé go h-ana bhlasta, agus cad é an mhaitheas a bhí san mhísleacht do dhuine folláin. Do dhaoine bhreóídhte a bhiodh an leite seo ceapaighthe. In aimsir an droch-shaoghail gheibheadh na daoine tomhas áirighthe praisigh, gach maidin mar congnamh beathuighthe. Bhíodh an praiseach seo le fághail annso in Uíbh Ráthach ins na muilte seo leanas:-
    Muileann Cháthan, míle soir ó Cathair Saidhbhín
    An Muileann, i Lios, i bparóiste na Faille Móire
    Máighistir Gaoithe, i bparóiste na Dromoda agus in
    Átha Tiobraid inaice le Cathair Saidhbhín. Do tugadh málaí mine amach sa bhliain 1884 mar congnamh cothuighthe ar na daoine.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish