Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhíodh an buaiceas greamuighthe le tarraingí thíos i dtóin an mhúnla agus bití ag caitheamh na goire isteach le muga go dtí go mbíodh an múnla lán go béal. Cuirtí ag fuaradh ansan é lasmuigh de'n bhfuinneóig agus i gceann chúpla uair 'a cluig, bhíodh sé ullamh le na lasta.B'shin deámhas a bhí an-tabhachtach san sean-aimsir, ná déanmhad na rópaí, n ó casadh na súgán mar a glaodhta í air. I ndeire an Fhóghmhair nuair a bhíodh an fionán nó an easair sléíbhe go breagh tirim buidhe, bailightí beart mhór de isteach san iothalainn agus cuirt í cúpla leithead maith láídir anuas air agus fágtaí mar sin é go dtí mí Deire Fhóghmhar. Is ansan do thosnuigheadh fear a' tíghe ar na súgáin do leogaint. Suideadh sé ar stóilín agus bhíodh gabhál fionán 'na thímcheall agus dorn de ar a gluainibh agus bhíodh sé a leogaint tré 'na mhéireannaibh agus duine des na páistí dá casadh ar a dhícheall le cruacán agus é ag druidim amach nó ag druidim siar de réir mar bhíodh an súgán ag dul i bhfaid. Bhíodh ar an bpáíste bheith an-aireach is gan casadh ró-mhear le h-eagla go mbriseadh an súgán nó go dtiocfhadh casairníní air. Do réir mar a bhíodh an súgán casta deintí iad do dhéanamh i gceirtlíní mhór reamhar.