Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 131
- XML “Cruatán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LONG BHRISEADHTimcheall ochtmhó cuig blian ó shoin bádhadh "scúnéar" - áthrach trí gcrann a bhí lán de gual ar tráigh ina tugtar Rinnéarach. Oidhche ceóigh a cur mearbhthall uirthi. Níor bhrath sí aon nídh gur tháinig sí isteach i cliathán chuais. Bhí áit acharnach roimpí, agus tháinig sí isteach annsan agus d'fan sí annsan. Bhí dachad éigin fear ar bórd, agus an fear a bfeárr a bhí uirthi léim sé ró thapaidh, agus bádhadh é. Thóg an cuid eile a aimsear, agus thánagadar go léir saor. Tháinig na "pílears" agus shaoradar na rudaí eile a bhí innti. Shúncáil an gual acht thug na pílears cuid eile leo.Cúntas ar duine do bádadh san áit:-Lá amháin tráigh i mí na Bealtaine, bhí bean ag baint sliogán mar leasú cun gairídhe. Caitheadh amach í. Shleamnuigh sí a's carraig a's thuit sí sa bfairrge. Bhí bean eile in éinfheacht leí, agus bhí gach aon béich aici. Níor shúncáil sí in aoncor(leanann ar an chéad leathanach eile)