Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 177
- XML “Na Prátaí”
- XML “Steaimpí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheidís cómh tirim as dá mbeadh siad istig i dtig. Tabhaireann siad trí míosa annsan go tosac an Earraig. Coimeádann an fheirmeóir cuid aca mar síol i gcóir an aith bhliana. Na prátaí is feárr na na Champions Epicures as Kerrpink mór timcheall Achaidh Tiobraid pé sgéal é.Sciollóg no sgeamhcáin a tugtar ar an gcuid de'n práta a bhíonn fágtha taréis an sciollan gearra agus tugtar doibh do's na gamhna.Caistín a tugtar ar práta casta. "Faircán" tugtar air práta mór follamh ina chroidhe. "Máilín Sáidte" an mála a bhíonn ceangailte ar brághaid an duine as é ag chur na sciolláin.Deantaí "starch" fado díóbh, iad do bhrúgadh san uisce, agus do luighidís síos ar tóin an áthrais agus an t-uisce tairrigthe as san ar maidin, do bheadh an starch fághtha ar tóin an athraic annsan.
- Déantaí staimpí leis. Geibthí píosa stáin(leanann ar an chéad leathanach eile)