Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal - Rí na Catharach
Bhí fear ag dul ina chodlad oidhche amháin agus do ghlaoidh guth air, agus dubhairt sé leis éirighe ina shuidhe, agus gabháilt amach go bhfeichfeadh sé Rí na Catharach ag fagháil bháis. Do éirig sé ina shuidhe, agus do chuir sé air a chuid éadaig, agus gaibh sé amach Chuairdig sé imeasc na dtighthe saidhbhre go léir, agus ní fheacha sé solas na géim bó na méill an uain ionnta.
Tháinig sé abhaile agus luig sé ar a leabaidh airis, agus dá luath as a bhí sé ina luige, do ghlaoidh an guth ceadna air. D'éirig sé airís agus do dhein sé an rud ceadna. Níor raibh aon nídh ins an gcead cuardach go dtí an tarna cuardach, agus níor chuala sé, ná níor n'fheacha sé aon ní mar an turas cheana. Tháinig sé isteach an tarna uair agus é mí cheadtach do féinig, agus tháinig an guth airis ana fheargach, agus ana mí chéadtach air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Mhuircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann