Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Tomás Domhnach agus gan aon tuinte de bhróg air. Bhí sé mór thímcheall geata an t-seipéil. Fé dheire dimthig sé isteach. Nuair a fúair sé an sagart ar an altóir, bhí náire ar Thomás. D'fheuc sé ináirde ar lochta an t-seipéil, bhúail sé ináirde agus shuidh sé ar stól dó féinig. Bhí dearg buille ar an muintir a bhí thúas roimis. Cúala an sagart an cliotar agus d'feuc sé ináirde ortha, "Cad do bheir in áirde tusa, a stac mhaguidh" ars an sagart.
"Ta" arsa Tomás "gan aon túinte de bhróige bheith orm". Thána annso aníos ar eagla go mbainfheadh na cosa dhíom".
Dúbhairt an sagart leis annsan.
"An móide, an bhfhuil do phaidreacha chomh maith san agat"?
"Bféidir go bhfuil beagáinín aca san leis agam" arsa Tomás.(leanann ar an chéad leathanach eile)