Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in áirde. thagaidis annsan agus ceantarfidis an talamh. bhí an cíos ró árd annsan, agus ní raibh na creatúirí bochta ábalta an cíos
- Sgéal i dtaobh creach do tógadhLá tráigh móire timcheall na Bealtaine do bhí na fir sa tráigh i mbórd Eóighinín, agus ní raibh éinne ins na tigthibh acht na mná. Do tháinig triúir agus cuigear ó'n Sgairt, agus nuair ná raibh an cíos rómpa, bhailigeadar an stoc go léir as an áit. Seadh nuair tháinig na fir go léir ón dtráig ní raibh aon ainimhídhthe rómpa. Dimthig fear as a seacht ó bórd Eoighinín, agus cleitheacha aca ina ndiaidh. Dimthigheadar leo. Bhíodar ag fághailt a dtuairisg igcómhnuidhe go rabhadar mórán slíghe rómpa amach. Thugadar dhá lá in ndiaidh an slíghe sin, agus sa tríomhadh lá amuigh aca ag tuitim na hoidhche, do bhuail fear leo, agus chuireadar tuairisg air, an bhfeacha sé a léithidí. Dubhairt sé leo go rabhadar ag dul isteach leis an stoc go oileán. Dimthigheadar futha siar san oileán, agus bhí teampall i lár(leanann ar an chéad leathanach eile)