Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)
- Suíomh:
- Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Achadh Tiobraid
- XML Leathanach 168
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní maith le duine turas a thabhairt dia Luain ná dia hAoine. Is ceart turas a thabhairt aon lá eile des na laetheannta eile go mór mhór an Satharn mar tá an Domhnach ag teacht air. Dá mbeadh turas beannuighthe le déanamh ag duine is ceart an turas sin a déanamh Oidhche Crocháin. Tá lá Crocháin ina Lá Shaoire sa paróiste Cathair Domhnaill, agus bíonn Aifreann ag gach duine atá sa turas. Tá tobar i bparóiste an Priaraig leis - Tobar Michil agus oidhche le Michil a tugaid siad turasanna ann. Tá seipéal inaice leis, agus biad siad go léir ag Aifreann ar maidin.
TURAS DAISTRIÚNí ceart turas daistriu ins na laethannta seo leanas"Athrú na hAoine ó thuaidh
No athrú an Luain ó dheas
Athrú an tSatharn siar
Níor dheárnag riamh a leas"(leanann ar an chéad leathanach eile)