Scoil: Achadh Tiobraid (uimhir rolla 9878)

Suíomh:
Achadh Tiobraid, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0477, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Achadh Tiobraid
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Scéal i dtaobh Uisce <span class="exact">na</span> <span class="exact">gCos</span>”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dó. Nuair a bhíodar ag doras an tighe sin, dubhairt an táirseóir ná féadfadh sé dul isteach annso inaoncor. "Cad na thaobh" adubhairt an buachaill "Tá an córóin ráidte aca" ars an táirseóir. "Beir leat go dtí an doras is giorra dhuit me" ar seisean. Do bheir an buachaill é. "Ní fhéadann [!] dul isteach annso leis" ars an táirseóir. "Tá uisge na gcos caithte amach aca san leis" ar sé "Ní bhéarfad sa a thuille dhuit" ars an buachaill. "Táim marbh agat". "Beir leat mé go dtí an tig is giorra dhuit, agus bféidir go bfeadfainn dul isteach ann". Do bheir. "Seadh", ars an diabhail, "féada mé dul isteach, agus tá lánamha óg annso" ar sé, "agus nuair ragad isteach, cuirfid mé i gcoinnibh a chéile iad anocht, ar slighe as ná raghadh siad a codlad le cois a céile agus ragad sa a codlad leis an mhnaoí óig, agus beidh leanbh mic aici im' dhiaidh, agus deanfadh sagart de sin", ar sé, agus an céad aifreann a léigfidh sé sin, nuair a chroithfidh sé an tuisge coisrighthe ortha liomsa an pobal san".
    D'imhthig an buachaill, as chuaidh sé abhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge