School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 324
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear na chómhnaidhe ar an nDoirín fadó agus bhí sé leis na púcaí.”
Bhí fear na chómhnaidhe ar an nDoirín fadó agus bhí sé leis na púcaí. Bhíodh fhios aige gach rud a bhíodh ar siubhal acu. Is mó oidhche a chuiridís mílte as an slíghe é.
Oidhche mar seo bhí sé istig na leabaig ar am mhairbh na hoidhce agus chualaidh sé na ba amuigh agus na h aon sgreadh uathbasach aca. Seadh go h-airighthe d'eirig sé agus chuaidh sé amach ach má chuaidh ní raibh faic ar na buaibh. Nuair a tháinig sé isteach chualaidh sé an sgreadaig ceadhna. Ansan dubhairt se gur cuma leis cad a dheanfaidís le na chéile ná racadh sé féin amach airís. Is amlaidh a bhí na pucaí ag deanamh amadáin de.
Oidhche eile bhí sé ag dul go dtí áit éigin agus bhí fear eile na theannta agus na n-aon coiscéim a thabharfadh sé thuiteadh sé. Níor stad sé ach mar sin go dtí gur shois sé an áit na raibh sé ag dul. Ná pucaí a bhí á leagadh na h-aon nóimeat.
Oidhche eile bhí sé ag teacht abhaile le dhá cliabh móna ón bportach. Go h-airighthe chuireadar amú é agus níor stad sé riamh ná coidhche go dtí gur shrois sé mainistir Mhichil i mBaile na Sgealg. Ansan bhí fhios aige cá raibh sé. As san amach ní raibh aon mhaith ann agus tar éis tamaill bheir na púcai leó ar fad é. Is mó duine a connaic é tar éis bháis do agus é cois an sluagh aerach. Na daoine go raibh ana(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- An tImleach Mór, Co. Kerry
- Informant
- Tomas Ó Séaghdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An tImleach Mór, Co. Kerry