Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meall an tSrutháin
- XML Leathanach 144
- XML (gan teideal)
- XML “Saibhreas i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do dhéanfainn rómhar is grasa leis, ...”
X
Do dhéanfainn rómhar is grasa leis, nú an bád a cur ingle
Nú an mhóin a bhaint le ceatharar amuig i lár an t-sleibhe
Díolfainn coróin i dtig an tábhairne is ní-mo lom ná leacth phinginn
Mar tá ór go leór i dtaisce 'gam más gádh dúinn é- Is ar éigin atá ceanntar in Éirinn na bhfuil cúntais le fághail ann i dtaobh saidhbhreas éigin ata i bhfolach ann. Ta a leitheád sin d'áit comhgarach d'ár sgoilae. Ar Chnoc an Chuilleanaigh i bParóiste an Scibrín atá sé agus Pluais an Ghaduidhe an t-ainm a tugtar ar an áit go dtí an lá atá indiu ann. Do réir an t-seachais do bhíodh an Gaduidhe mór in a chómhnuidhe san bPluais san in allód agus bhíodh sé ag Dún - mharbhughadh is ag goid na ndaoine nuair do bhídis ag teacht abhaile ó Chorcaig taréis a gcuid ime a dhíol ann. Do chaitheadh sé na daoine bochta a mharbhuigheadh sé isteach san Dubh-Loch agus chuireadh se an t-ór is an saidhbhreas a ghoideadh sé i bhfolach fe thalamh san gcnoc. Sa deire do gabhadh é agus nuair daoradh chun a chrochta é i gCorcaigh D'fhiafruigh sé de'n chúirt an raibh aoinne ó Chuilleanach i láthair. "Má tá," ar seisean, "abair leis go bhfuil buatais(leanann ar an chéad leathanach eile)