Scoil: Drom Dhá Liag (C.) (uimhir rolla 12230)
- Suíomh:
- Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Bean Uí Dhrisceoil
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0302, Leathanach 176](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0302%2FCBES_0302_176.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0302, Leathanach 176
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bliadhanta ó shoin bhíodh líon á fhás ag na feirmeóirí sa dúthaig seo agus dhéineadh na daoine lín éadach dóibh féin. Dheinidís braitlíní agus sgaraoidí dóibh féin. Chonnachas cúpla ceann aca. Táid go láidir ach táid go garbh.
Nuair a bhíonn an lion aibidh is amhlaidh a stáithtear é. Annsan deintear punainn dhe agus deintear stúcaí de. Cuirtear isteach a bpoll uisge é agus fágtar ann é ar feadh sé seachtmhain go dtí go mbíonn an cairt bogaithe. Tugtar cairt ar an stuif láidir teann a bhíonn ar an dtaobh amuig de'n gas.
Annsan tógtar amach é agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhearghail
- Inscne
- Baineann