Scoil: Drom Dhá Liag (C.) (uimhir rolla 12230)
- Suíomh:
- Drom Dhá Liag, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Bean Uí Dhrisceoil
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0302, Leathanach 177](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0302%2FCBES_0302_177.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0302, Leathanach 177
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leathtear é an-thanaidhe ar fad agus go deas cruinn in dhiaidh a chéile Annsan deintear punainn do agus cuirtear in áit tirm é.
Annsan deintear snáth de mar seo buailtear leis an dtuairgín é sin saghas mainléid déanta d'admad. Cuirtear an lion anuas ar chloic mhín agus buailtear leis an dtuairgín é. Cimiltear idir na lámhaibh é cun é do mhíniú. Annsan deintear é do thúamhail leis an tluag. sin rud déanta d'admad agus é an-chosamhail le rásúr. Tarraingtear an líon tríd. Annsan deintear é d'oibruighadh leis an dtaisteal. sé sin clár admaid agus fiacla in a seasamh air naoi n-orlaige ar aoirde. Buailtear an lion anuas ar na fiacla á tharraingt triotha san am gcéadna Tá sé ullamh i gcóir sníomha anois.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhearghail
- Inscne
- Baineann