Scoil: Duíbhlios
- Suíomh:
- Duílis, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 105](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0303%2FCBES_0303_105.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 105
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí bean i dTúar Raicín 75 bliain o thoin - Big Joan a tugtaí uirthi Chualadh féin go rug sí corp a fhir-chéile go Roilg na Cathrach ar a drom. Is amhlaidh do fuair an fear bocht bás leis an nGorta Mor agus níor mhaith le Joan é bheith curtha i bpoll na mbocht agus thug sí go dtí an Catharach an corp.
Bíodh comórtaisí eadtortha fadó le láimseail mala mine (20d) agus 1/2 bharraile phortair. Gniomh a bheadh e aon ceann acu so do cur isteach i dtrucail no ar cúntair Tighe Tabhairne. D'airigeas Seán O Seaghda on Gleann na Cloiche a rádh go bfeaca se Seán Bán OSúileabháin ag deanamh a leithéide cé gur fear beag é. Bhí daoine eile san áit a deanadh san leis [?]
Is cuimhin liom go maith la da raibh comortas bóláileachta ar an mbóthar taobh thiar de Dromdhaleig. Bhí slúag mor daoine ar an mbóthar agus ráinig go raibh asal sa tslighe. Do connac féin Tadhg ODonncada (Téidí) ag breith ar an asail agus dá chaitheamh thar chlaidhe an bhóthair.- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Duílis, Co. Chorcaí