Scoil: Duíbhlios

Suíomh:
Duílis, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0303, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Duíbhlios
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Local Place Names”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tá cuid maith de áiteanna in aice na scoile - (taobh istig de dá míle) go bhfuil ainmneacha Gaedhaelacha ortha fos - nár tug aoinne fé Bhearla do chur ortha. Táid síad go tuigh ins na cnocaibh Seo a leanas cuid dhiobh, a suidhe, agus giota beag de seanachass a gabhann leo má bhaineann a leithéid leo.
    Bárr na Fola - ar bhárr Chnuic an Dhoirin Chrionna taobh thuaidh den scoil. A deiread gur troideadh cath annso idir muinntir Donnabhán agus muinntir Shúilleabháin in 1602. Thréig Dómhnall ODonnabhán a Ghaedhaelachas tréis bhriseadh Chionn t-Sáile. Ghaibh sé pardún agus fuair sé é, freisin tugadh a chuid talmhan do aris agus an ainm Sir Donnell ODonovan agus deineadh Magistrate Sasanach de.
    Comhairligheadh do táin bó a dheanamh ar stoc muinntir Shúilleabhain [?] go raibh Domhnall OSuilleabhain ag ullumhú féin i gcoinnibh Cairbiú. Pé ar domhan é, rug muinntir Donnabhán creacht leo ó Bhéara ach d'fhill an Béarach agus lean sé íad agus thainig sé shuas leo ar Bhárr an chnuic annsan agus bhuaidh sé sa cath agus rug sé leis an chreacht arís. Ní fios cé mhéid a marbhadh sa chath san ach adeirtear go ndeigh mná na gCairbre o thúaidh an lá indhiaidh lae an Chatha cun caointe na marbh agus ta Carraig an Chaointe in áit éigin ach cé gur chuairdigheas ní fheadfainn fhághail amach ca bhfuil an Carraig san.
    Dob anuas o Bharr na Fola a thagadh daoine on Gabhlán fadó agus tá daoine beo fos a chonnac na socraidí ag teacht an treó san on nGabláns - an cómhra agus an corp ar short litter no 'bier' ar ghúalanaibh na bfear - (go Roilig Drom Dhálaig).
    Deineadh bothar go Gabhláns tamall thíar o Bharr na Fola 50 blian o shoin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Duílis, Co. Chorcaí