Scoil: Duíbhlios
- Suíomh:
- Duílis, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Duíbhlios
- XML Leathanach 141
- XML “Ainmneacha Páirceanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ta feirm mo athar suidhte 3 mhíle ar an dtaobh thíar thúaidh de Dhromdáleig Tá dha pháirc agus na leacaithe a tugtar ortha. Tá páirc eile taobh thúaidh d'ár dtighne páirc Good á tugtar uirthi. Sí seo an fath gur tugadh an ainm sin uirthi. Do bhí fear oibre ná chomhnuidhe i mbothán insan pháirc san dar ainm do Good. Tá dhá pháirc eile inaice ár dtighne agus Inse Na gCartan / gCeardchan a tugtar ortha. Tá páirc eile againn agus Paircin án Cortaig a tugtar uirthi. Tá pháirc eile inaice na pairce san Paircin í Coildh a tugtar uirthi. Tá páirc eile taobh thoir d'ar dtighne agus seana Ghrafadh a tugtar uirthi.
Tá páirc eile agus Cuinnlefada a tugtar uirthi Tá páirc eile againn agus Páirc Risteárd a tugtar uirthi dúbhairt mo Athair go raibh fear ná chómhnuidhe ann fadó dar b'ainm do Risteárd agus gur tugadh an ainm ar an bPáirc mar onóir da ainm, Tá páirc eile againn agus Páirc Mor a tugtar uirthi. Deirter go bhfuil da acra nú nios mó, ins an bpáirc sin. Tá an Chaol inaice an phortaigh.
Ta páirc eile againn agus páirc an aithinn is ainm dí- Bailitheoir
- Tadhg Ó Muirtuille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Duílis, Co. Chorcaí