Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí capall bán ag fear in Eadragabhail uair amháin agus b'é an príomh capall ráis in Éirinn é, mar bhíodh sé cóthuighthe go maith ag a mháighistir i gcomhnuidhe. Téigheadh sé go Baile Átha Cliath gach ráithe ag rith rásanna agus bíodh an buadh aige i gcomhhnuidhe. Bhí rí ann an t-am san agus níor mhaith leis an buadh a bheith ag an gcapall mbán i gcomhnuidhe agus dubhairt sé le na mháighistir fanamhaint sa bhaile agus má thiocfadh sé aon lá eile dubhairt sé go dtógfadh sé an capall uaidh.
Nuair a bhí an rátha suas do chuaidh an fear arís agus arís eile agus do thóg an rí an capall uaidh. Bhí uaigneas ar an bhfear indiaidh a chapaill mar ní raibh aon slighebheatha eile aige acht bheith ag rith rásanna. Oidhche amháin bhí taidhreamh aige go raibh an rí ag rith rás agus nár eirig leis i n-aonchar agus gur chuir sé fios air teacht agus a chapall do thógaint. Nuair a tháinig breacadh an lae amáireach do cuaidh an fear go dtí pálás an rí agus d'inis sé an taidhreamh a bhí aige agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí