Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 251
- XML “Scéal Eile - Éirí ón mBás”
- XML “Ball na Lorgain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean taobh thiar de Bheanntraighe fadó agus do bhíod sí i gcómhnuidhe ar fághail rudaí ar íasacht ós na cómharsan agus is annaimh a thugadh sí aon rud ar ais d'éinne. Pé scéal é fuair sí bás an chéad oidhche i nDiadh sin ag an dtorraimh d'eirigh sí suas ar an mbórd agus dúbhairt sí len a mac leath-coróinn a thabhairt ar ais den bhfear so sa chómharsannacht agus cúpla cloch mine a thabhairt do bhean eile agus go rathfadh sí féin isteach ar Neamh annsan.Do luigh sí soir ar an mbórd airís agus do bhí sluagh mór istig ag an dtorramh a chonnaic agus a chuala í.
- Do bhí bean taobh thiar de Bheanntraighe fadó agus do bhíod sí i gcómhnuidhe ar fághail rudaí ar íasacht ós na cómharsan agus is annaimh a thugadh sí aon rud ar ais d'éinne. Pé scéal é fuair sí bás an chéad oidhche i nDiadh sin ag an dtorraimh d'eirigh sí suas ar an mbórd agus dúbhairt sí len a mac leath-coróinn a thabhairt ar ais den bhfear so sa chómharsannacht agus cúpla cloch mine a thabhairt do bhean eile agus go rathfadh sí féin isteach ar Neamh annsan.Do luigh sí soir ar an mbórd airís agus do bhí sluagh mór istig ag an dtorramh a chonnaic agus a chuala í.Bhí buachaill bocht ann fadó agus ní raibh sé ach 'na leath-amadán. Do chómhnuigh sé féin agus a mháthair i dtigín beag ag bun cnuich agus ní raibh sa tsaol aca ach cúpla gabhar agus caorach. Do bhíod ball na lorgain i ndhiadh na ngabhair agus na gcaorach i gcómhnuidhe agus bhí sé ag teacht abhaile tráthnóna agus beart brosna aige nuair do rug sé ar leipreachán. "Seadh anois" ar seisean, "tógfhaidh mé tusa abhaile go dtí mo mháthair-- "na dein, na dein" arsan leipreacán, "agus beidh an comhacht so agat pé rud a íarrfaid air Dhiad agus ar an leipreacán.Do sgaoill ball na lorgain leis agus chuaidh sé i n-áirde ar an mbeart brosna agus chuaidh sé abhaile mar sin. Nuair a bhí sé ag dul abhaile do bhí bean uasal ar an mbóthar roimis agus nuair a chonnaich sí é do tosnuig sí ag magadh fé agus d'iarr ball na lorgain ar Dhia agus ar an leipreacán go mbeadh clann aige léi. D'imthig sé abhaile annsan.Nuair a tháinig an t-am do rugadh mac don bean uasal(leanann ar an chéad leathanach eile)