Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 259

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 259

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 259
  3. XML “Seanfhocail”
  4. XML “Tadhg na Samhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Ní i ndeire na seachtmhaine ná i ndeire na blíadhna a diolaim Dia a lucht saothair ach i ndeire na saoghal
    2. Is beag é gnó lucht feacaint i sgáthanaibh
    3. An té go mbíonn Dia leis ní féidir le duine é chur ar a aimleas
    4. Níor chaill fear an croidhe mhóir ríamh é.
    5. Ciall an t-ualach is fearr dár iomcuir aon daone ríamh.
    6. Ceannuigh deagh rud is tá agus saor rud.
    7. Cuir snaidhm nó caillfidh tú dhá ghreim.
    8. Ceannuigh dhaor-rud is bheidh(agu) sé na saor rud.
    9. Ceannuigh saor-rud is beir gan aon rud.
    10. Is féarr an ceann an t-athair do deicheabhair clainne na an deicheabhair clainne na gceann d'on athair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Tadhg na Samhna
    1. A Thaidg na Samhna, bhfear ceann-sa an tíortha
    Ba mhían don labhartha, is níor bfollad aon croidhe dhuit
    Is ar do cheann go raibh greann Dé agus daoine
    Cun gur crothadh le crainn i ngleann na Crionta
    2. Ba bhreagh íad rith do leacan agus maise do cabhlach
    Ag triall ar an aifreann, maidin Rí an Domhnaig
    Na ceadta [breinneal?] ag bhí ag ioinaidh ar leabhairt leat
    'S gurab í an Mhaighdean Mhuire a thugais mar roga leat.
    3. Ba bhreagh íad do lámha ar rá ní sluasaid
    Ba " " " " stabla an uaighneas
    Do gheóbhfa an tseisireacht teitheal nu tuatach
    Is d'iompófa an taobh dearg do bhranar an uachtar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge