Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 298
- XML “Coinnle Páideoige”
- XML “Leite Bhán is Praiseach”
- XML “An tSrathair Fhada”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)den bunach lín sa slighe éigin agus tar éis tamaillín bhíodar deunta don cadás. Annsan deuntar coinnle do chaitheamh i mulla agus tá mórán mullaí le feiscint i gCaolchuill fós. Tá ceann le feiscint i dtig Shéamuis Uí Chróthuir fós agus bhíodar ag deunamh coinnle ann tamaillín beag o shion.Is annsan a tháinig na lampaí óil timcheall caogadh bliáin o shion. Ní raibh aon lampaí ann ar dtúis acht buidéil. Is amhlaidh a chuirfidís buicheas tré arcán agus bhí gloine ortha leis. Acht nuair a bhíodar ar lasadh bhí mórán deatach mór-thimcheall an tighe i gcómhnuide.Dá dtéighteá isteach sa tigh an uair sin ní bhfeudfá aon rud d'fheiscint nó ni bhfeudfá paipéar do léigheam leis agus bhí droch-bholadh ann i gcómhnuidhe acht ar seise liom ní raibh parluis aca in aon chor an uair sin acht amháin. Bhí ceann amháin i dtig muinntir Uí Maghtúna i Meall-a-mhanaigh i dTig Uí Cruadlaoí i dTrán-na-Maddraí caogadh bliaín o sion. Cheap him ar seisc go raibh ceann eile i dtig Sheáin Mhóir i gCumair leis agus i dtig Uí Laoghaire i Inse-Cloch agus ins na tigthibh san a bhí na vigil leis. Bhí teincéirí ag dul ar fuaid na tuaithe an uair sin agus bhíodar ag deunamh lampaí annso is annsúd agus chuirfidhis ag crochadh o'n síonáil íad.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- An tsráthair-fhada(leanann ar an chéad leathanach eile)