Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 326](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0283%2FCBES_0283_326.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 326
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 326
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nó an raibh aon rud aige tar éis na blíadhna. "An [drae] rud" ar sí ach amháin gur foghluimigheas céird. Bitheamhnach íseadh mé. Ní raibh acht an méid sin ráidhte nuair a tháinig an tríomhadh fear, agus ní ró-fada a bhí sé sa chainnt nuair d'fhiáfhruig an chéad fhear de an raibh aon chonlac beag aige tar éis a shathair "Pinginn" ruadh ar sé, "Níl agam. Níl agam acht an guna seo a cidheann tú I'm láimh. Foghlaer íseadh mé."Go maith" arsa an chéad fear, "Ní fearr ar domhan port atá agat, muna bhaoghal dúinn féin tú. Níl aon mhaith a bheith ró-fhiosrach leat-sa. Bhuaileadar isteach agus bhí a máthair ann rómpa. Is uirthe a bhí an t-athas íad d'fheiscint isteach cuice. Do phóg sí íad agus deoch sé íad. Ba mhór an óige agus luigheadar ar sheancus. Niorbh fhada sa seachus dóibh nuair a bhí fhios aige cad ab fhuí íad tar éis na blíadhna. Dúbhairt sé go raibh árd obair déunta aca, mar gurbh fhearr céird aon lá nú bheith 'na h-éaghmuis.Chuadar amach ar an ndroicheadh mar bhí an tig ró the ar sa duine aca, ba mhaith liom tastáil bheag a bheith agam araibh feucaint an bhfuil bhúr gcéird i gceart agaibh. Bhí crann timcheall ceithre fichid slat ar aoirde i lár na páirce a bhí i bhpáirc an easaigh. Bhí meas préacáin ann agus an préacáin istig ann agus é na luighe ar na h-uibheachaibh. Má tá do chéird agat-sa anois a bitheamhnaigh. Téidir anáirde sa crann sin agus beir leat anois anuas na h-uibhe sin chúghainn gan an t-éinín sin a chorruighe. Ní thúisce bhí an chainnt as béal an duine ná mar a bhí bitheamhnaigh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmaid O Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún na mBárc, Co. Chorcaí