Scoil: Macha na gClaidhe (uimhir rolla 16086)
- Suíomh:
- Macha na Cléibhe, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cathal Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Macha na gClaidhe
- XML Leathanach 359
- XML “Léim an tSagairt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tugtar Léím a' tSaghairt ar áit atá suidthe timceall trí mhíle i dtuaisceart Cúm hÓla Beanntraighe. Nuair bhí na péin Dlighte i bhfeidm bhí saol cruaidh gan amhras ag na Saghairt.Timceall na h-aimsire sin mhair bean aosta inaiche na leime (near the le'p (?) ). Bhí sí ag fagháíl báís oidhce áirigthe agus chuir sí amach fé dhein Sagairt abhí i bhfolac sa gleann.Fuair sé áít cómhnuighte an tSagairt. Tháinig an Saghart cun an tighe. Chuir sé an ola deideanac ar an mnao boct agus d'fhan sé ann go breacadh an lae. Bhí capall bríoghmar aige. D'fhag sé an tigín le solas an lae ach ní raibh sé ibhfad ar an mbeálac nuair chonnac sé na "Red Coats" ar a thóin.Ní raibh aon rud eile le deunamh agie ach dul fé dhein na fairrge a bhí 2 mhíle no mar sin uaidh. Siúd ar aghaidh é agus súid 'na dhiaidh na Cótaí Dearga.Bhíodar cinnte go mbead sé mar prize aca agus bhí breall ortha buidheacas mór le Dia. Nuair thainig an Saghart go bruach na fairrge - Léím an capall suas suas ins an spéir agus ar nós éun chuaid sé feín agus a mharcach treasna an chuain.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Dick Walsh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Carraig an Easaigh, Co. Chorcaí