Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- XML Leathanach 017
- XML “An Buachaill a Chuaigh in Éineacht leis na Daoine Maithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear na chómhnuidhe tímpeall na h-áite seo fadó, feirmeoir a b'eadh é, do bhí mac aige agus bhí sé ana aerach, agus théigeadh sé ag sguraidheacht gach oidche, d'fhanad sé amach uaireana ana dheanach.
Dubhairt an t'athair leis "gan bheith deánach aon oidhche eile," níor stop san é, dubhairt an t'athair leis "muna mbeadh sé istig air a leath h-uair taréis a deich aon oidhche eile go dhúnfadh sé an dorus air", "agus go gcaitheadh sé fanamhaint amuich," ar cead oidhche eile d'fhan sé amuich ana dhéanach, ach nuair a tháinig sé abhaile do bhí an dorus dúnta roimis, agus b'éigin do fanamhaint amuich, do bhí an oidhche ana bhreagh, agus dubhairt sé leis féin "go gcodhlóchadh sé i scioból a bhí ann", do cuaidh sé suas an staighre a bhí [?] ag dul suas go dtí an scioból, agus shuid sé síos air bharra an staighre agus dhearg sé a phíopa, ba ghearr gur airig sé fothrom éigin mór ag(leanann ar an chéad leathanach eile)