Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 057](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0331%2FCBES_0331_057.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 057
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí sagart na chómhnuidhe i mBeal - Átha - an - Gaorthaig tímpeall seachtmhógad bliain ó shoin nú mar sin agus do bhíodh sé go h-ana dhian ar na daoinne. Oidhche amháin do bhí bean breoidhte tímpeall ceithre nó cúig míle b'féidir ar an dtaobh amuigh do Bheal - Átha - an - Gaorthaig, agus do bhí an sagart ag dul ann ag tabhairt ola dheanach don bhean bocht.
Nuair a bhí sé taréis an ola dheanach a thabhairt di, do tháinig sé siós an staighre airís agus thosnuig sé ag cainnt le fear an tíghe agus d'fhan sé ansan go dtí a h-aon a clog air maidin agus ansan do bhí sé go h-ana dheánach nuair a bhí sé ag dul abhaile, nuair a bhí sé ag gabháil thar seana droichead a bhí ann.
Do cheap sé gur airig sé olagón uathbhásach agus ansan do bhí duine éigin ag rith na dhiaid ach do bhí an capall ag cur aluis agus do bhí sé ag cuir aluis cómh maith leis an capall mar do bhí sceon(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nórín Ní Suilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Luasaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí