Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air roimis na púcai i dtuigeann tú. Do bhí an capall ag dul go breágh ansan do dtí go raibh sé cómhgaracht dá thig, agus ansan do léim duine éigin amach as an claidhe cuige, agus do bhí an capall ag léimrig síos agus suas an bóthar agus mar sin féin.
Do rith an Sagart suas do dtí a thig féin, agus d'fág sé an capall ansan ag léimrig air fuaid an bóthar, mar a mbeadh duine eigin á bhualadh le "fuip".
Do chuaidh an sagart isteach sa tig agus do bhí cailín an tíghe sa cistin ag fanuimhint suas leis, agus díreach nuair a cuaidh an Sagart isteach sa cistin, do thuit sé na laige, agus do bhí ana iongnadh air cailín an tíghe, agus do bhí sí ag caitheamh uisce air agus fé dheire tháinig sé cuige féin, agus d'innis sé "gach rud di ansan" agus bhí eagla ar as san amach.- Bailitheoir
- Nórín Ní Suilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Luasaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí