Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann tímpeall cead bliain ó shoin agus sé an ainm a bhí air ná Pádruig. Bhí sé pósta le bean dár b'ainm Máire, bhí cuígear clainne achu, agus bhí an athair ag obair do feirmeóir éigin. Ní raibh ach aon bó amháin achu agus do thárla i lár an geimhreadh ná raibh pioch achu i gcóir an bó.
Do fuair an bó bás leis an ocras agus nuair a tháinig an athair abhaile ó bheith ag obair agus do connaich sé an bó marbh agus do tháinig sé isteach go dtí Máire agus dubhairt sé "cad d'imthig ar an mbó." Dubhairt Máire "go bfuair sí bás leis an ocras."
"Dia linn go deo" arsan t-athair agus do cuaidh na páistí amach ag féachaint ar an mbó feachaint an raibh an t-athair dhá innsint agus do bhí agus do thánadar isteach do dtí a mháthair agus dubhradar léi "Cad a dhéanfhadmís in-aonchor anois."
I gcionn trí lá do tháinig an t-aonach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cártaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Ristárd Ó Suimhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Na hUláin Thiar, Co. Chorcaí