Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus do bhí sé na chómhnaidhe i Beal-Átha-an-Ghaorthaig. Lá amháin do cuaidh sé go Mághcromdha agus do bhí capall agus cár aige agus d'fhan sé ann ar feadh an lae.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do léim rud éigin isteach sa chár cuige, do thóg an fear leata na lámh agus do chuir sé amach an rud a bhí sa chár.
Do léim an rud amach ar an bóthar agus do cuaidh an chár in-airde air agus do briseadh a ceann, ansan d'eirig an rud a cuaidh isteach sa chár agus do cuaidh sé in diaidh an chár agus nuair a bhí sé imtighthe[?] tamall maith don bhóthar do bí bóthar[?] beag eile ag dul siór agus nuair a bhí sé in [?] an bóthar san.
Do leím sé isteach thar an claidhe agus níor chuaidh sé in dhiaid an chár a thuile agus d'fhan sé istig sa claidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)