Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus a dhaoine go léir ana bhrónach.
Do chuireadh fógra amach 'á rádh dá b'faghadh aoinne an cailín go b'féadfadh sé í a phósadh agus go bféadhfadh sé an rígheacht a ríaghlú ach ní b'fuarathas aoinne riamh fós a fhéadfadh é a dhéanamh.
Tar-éis do bheith sa páláis ar féadh bliana nó mar sin do chuimhnig sé ar dhul abhaile.
Chuaidh sé abhaile ach nuair a shrois sé an áit do fuair sé amach go raibh a athair is a mháthair tar-éis bháis.
Bhí an talamh agus an t-airgead go léir roinnte ag an gcuid eile eatortha féin.
Ní raibh pioc fágta do Sheán. "An mbeidh pioc fágtha agam-sa as an saidhbhreas go léir"? ar seisean
"Conus abhí a fhios againn go rabhais beo in-aon-chor"? ar siad "nuair a fhanais as baile chómh fada san"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabhaín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bn. Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí