Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1
Tráth is mé a'taisteal tríd a bhfairrge ba thréine,
Mar a mbíodh míola móra coimhíghtheach' go gnáthach chun spóirt,
'Seadh dhearcas trím aisling uaim, ar amharc na gréine,
An rí-bhean do chídh mé is í tnáidhte go leór.2
D'fhiosruigheas go tapaidh lei ar theanga' líomhtha Gaodhluinn',
D'fhoghluimigheas óm' mháthair is ó'n bhanaltra do bhréig mé.
"An-a fada dhuit ar an aisling sin i mbarr a'tig a' tréine?
'Sé mo ghuidhe chreach gan mé is tú ar bhántaibh na rol."3
Do fhreagair sí go tapaidh mé, gan eagla roimh aoinne,
"Is bean mé atá le tréimhse im' straere bhocht gan treó.
Má's maith leat fios do bheith agat car ceart dom bheith le tréimse,
Is mé Caitlín ó Éirinn im' laogh 'gus im' león.4.
Do glach náire mé 'gus eagla, d'á faire chriothas fénigh,
I dtaobh labhairt leis a' spéirbhean chómh baoth sin gan gádh.
"Ar ghrádh Mhic Dé a bhean gheanamhail freagair mé go h-éasca,
Nó pearsa tú atá ar a' saoghal sa, nó baoghal dom do dháil?"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Fínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- Dún Eoghain, Co. Chorcaí