School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 152
  3. XML “Léim Bairbre agus Cath Trá Gainiú”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí cathú a'chroidhe air i ndiaidh Bhairbre ach do chaith sé dul i gcoinnibh a namad. tháinig sé isteach ó'n dtaobh aniar de'n chaisleán agus bhí nách mór buaidhte ar a mhuintir féin mar ná raibh aoinne 'na mbun chun órduighthe a thabhairt dóibh.
    Do cailleadh go leór ar gach taobh ach i gceann tamaill 'nuair airigh na cómharsain an troid, do bhí duine is daoine a'teacht agus i ndeire thiar thall do thiomáineadar a'namaid amach as a'gcaisleán. Do bhuaileadar rómpa iad ar fead míle agus annsan ar ghuaire mór atá i nGainimh cois Trágha Gainiú do sheasadar an fód airis agus do dheineadh díothláiriúghadh ann.
    Roinnte bliadhanta 'na dhiaidh sin 'nuair a bhí an ghainimh á tarrach i dtruchaillibh ón áit sin do fuaireadh claimhdhte agus sleaghta agus creatlaigh go tuigh ann.
    Do buadhadh ar an mBarrach mBán annso agus do bhuaileadr rómpa airís iad suas leacha Bhéil a'Bháidh agus annsan 'seadh buaileadh an buile deireannach. Do dhein a'bheirt síothcháin agus b'íad corra na síothchána sa ná gan aoinne acha chur isteach ar an nduine eile go bráth airís.
    Tugtar Mullach na Síothchána ar a'gcnoc san, ar a deineadh an t-síothchán, riamh ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dún Eoghain, Co. Chorcaí