Scoil: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (uimhir rolla 12147)
- Suíomh:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear agus a'capall sa isteach chúgham ó'n bhfairrge agus dubhairt sé liom teacht annso d'urchar agus a'fhiafruighe d'íotsa cothain a rachaidh Dromaniar go Flathas Dé."
D'fhreagair Cnap mar seo é. "Ní rachaidh choidhche fad a bheidh uisce a'rith", ar seisean "agus ar do bhás ná tabhair ao'fhreagra air go dtiochfair anuas de'n chapall mar bheidh sé a'liúirigh ort sar abheir leath a'slighe síos, "agus rud eile 'neósfaidh me dhuit" adubhairt sé " tá an charraig lán d'éisc aige rómhat agus níorbh ao'díoghbháil dhuit iad a thógaint agus iad d'iththe dá mbeadh fhios agat ar a'gcéad cheann do thóg sé agus é chaitheamh amach airís. Imig leat anois" ar seisean "go mear mar tá gealtach air a'feitheamh leat."
B'eo sa t-suibhal iad ar chosanáirde, agus 'nuair a tháinigh sé i radarc Dhromaniar, do liúgh sé air agus d'fhiafruigh sé de goidé an fhreagra a fuair sé. Níor fhreagair a'fear é chun gur tháinigh anuas as a'gcapall agus annsan do labhair.
"Dubhairt Cnap a'leasa liom" ar seisean "ná rachaidh Dromaniar riamh go Flaitheas Dé fad a bheidh uisce a'rith"
Do léim sé anáirde ar a'gcapall d'urchar agus buile dhearg 'na dhá shúil. Amach leó araon sa bhfairrge agus uisce á chur san aér a'treabhadh leó chun gur imígheadar as a radarc i droim na fairrge.- Faisnéiseoir
- null
- Inscne
- Fireann