School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fear agus a'capall sa isteach chúgham ó'n bhfairrge agus dubhairt sé liom teacht annso d'urchar agus a'fhiafruighe d'íotsa cothain a rachaidh Dromaniar go Flathas Dé."
D'fhreagair Cnap mar seo é. "Ní rachaidh choidhche fad a bheidh uisce a'rith", ar seisean "agus ar do bhás ná tabhair ao'fhreagra air go dtiochfair anuas de'n chapall mar bheidh sé a'liúirigh ort sar abheir leath a'slighe síos, "agus rud eile 'neósfaidh me dhuit" adubhairt sé " tá an charraig lán d'éisc aige rómhat agus níorbh ao'díoghbháil dhuit iad a thógaint agus iad d'iththe dá mbeadh fhios agat ar a'gcéad cheann do thóg sé agus é chaitheamh amach airís. Imig leat anois" ar seisean "go mear mar tá gealtach air a'feitheamh leat."
B'eo sa t-suibhal iad ar chosanáirde, agus 'nuair a tháinigh sé i radarc Dhromaniar, do liúgh sé air agus d'fhiafruigh sé de goidé an fhreagra a fuair sé. Níor fhreagair a'fear é chun gur tháinigh anuas as a'gcapall agus annsan do labhair.
"Dubhairt Cnap a'leasa liom" ar seisean "ná rachaidh Dromaniar riamh go Flaitheas Dé fad a bheidh uisce a'rith"
Do léim sé anáirde ar a'gcapall d'urchar agus buile dhearg 'na dhá shúil. Amach leó araon sa bhfairrge agus uisce á chur san aér a'treabhadh leó chun gur imígheadar as a radarc i droim na fairrge.- Informant
- Donnchadh Ó Finn
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- Dunowen, Co. Cork